Bain úsáid as an Chóras Ordaithe Ar Líne nuair a bhíonn bulc-ordú de dhíth amháin. Is féidir cliceáil ar nasc teidil gach taisc le cóipeanna de na tascanna a léamh, a íoslódáil agus a phriontáil.
Is féidir cóipeanna crua de thascanna measúnaithe don Chumasáid agus d’Úsáid na Matamaitice a ordú ar líne i rith na scoilbliana. Ní bheidh an tseirbhís seo ar fáil le cóipeanna crua de thascanna measúnaithe d’Úsáid TFC a ordú.
Nuair is féidir, ba cheart do scoileanna ord amháin a chur isteach. Beidh CCEA in ann suas le ceithre thasc measúnaithe an dalta a sholáthar do gach Scil Traschuraclaim. Cóipeanna dubha agus bána a bheas i gceist.
Le cóipeanna crua de thascanna aonaracha a ordú, bain úsáid as na rannáin Ordaigh Tascanna agus ina dhiaidh sin an rannán M’ordú. Bí cinntego gcoinníonntú an uimhir ordaithe mar fhianaise gur éirigh leat an t-ord a chur. Gheobhaidh tú an uimhir ordaithe ag deireadh an phróiseas ordaithe.
Cuir 14 lá oibre san áireamh don seachadadh le do thoil.
Tá an leabhrán Non-statutory Guidance: Using CCEA Assessment Tasks For Pupils With Special Educational Needs ar fáil anseo.