Príobháideachas

Léirítear thíos an tiomantas atá ag CCEA maidir le sonraí pearsanta a chosaint.

Míníonn an Polasaí Príobháideachais seo cad é a tharlaíonn do shonraí pearsanta ar bith a chuireann tú ar fáil dúinn nó a bhailíonn muid uait nuair a thugann tú cuairt ar an tsuíomh gréasáin seo.

Cad é an rud é fianán?

Is é is fianán ann faisnéis a stóráiltear i gcomhad beag ar an ríomhaire nó ar an ghléas atá in úsáid agat. Coinneofar slán faisnéis ar bith a chuireann tú ar fáil agus tá dualgas dlíthiúil ar CCEA, de réir an Achta um Chosaint Sonraí, faisnéis ar bith a bhailítear uait a chosaint.

Faisnéis a bhailíonn muid

Is féidir go ndéanfaidh muid na sonraí seo a leanas a bhaineann leat a bhailiú agus a phróiseáil agus an suíomh seo á reáchtáil agus á chothabháil againn:

  • faisnéis a thugann tú nuair a dhéanann tú cumarsáid linn (má sheolann tú ríomhphost chugainn, mar shampla);
  • faisnéis a thugann tú nuair a chomhlánaíonn tú suirbhé ar líne; agus/nó
  • faisnéis ghinearálta faoin úsáid a bhaineann tú as an tsuíomh seo;  baintear feidhm as fianáin agus as teicnící clibeála leathanach, JavaScript san áireamh, chuige sin.

Úsáid fianán

Is féidir go mbainfidh muid úsáid as fianáin le faisnéis a bhailiú faoin úsáid ghinearálta a bhaineann tú as an tsuíomh. Thig leat níos mó a léamh anseo faoi cad is fianáin ann, an dóigh a mbaineann muid úsáid astu agus an dóigh a dtig leat fianáin a bhainistiú ar do ríomhaire.

Teacht chuig suíomh gréasáin Ríomhfhoclóir Matamaitice CCEA ó shuíomh eile

Nuair a sheoltar chuig suíomh gréasáin Ríomhfhoclóir Matamaitice CCEA thú ó shuíomhanna eile, is féidir go bhfaighidh CCEA faisnéis phearsanta a bhaineann leat ó na suíomhanna sin. Ba chóir duit polasaithe príobháideachais na suíomhanna sin a léamh mar rialóidh sin an úsáid a bhainfear as faisnéis phearsanta ar bith a thabharfaidh tú agus a chuirfear ar fáil ina dhiaidh sin do CCEA.

Nascadh le suíomh eile

Ní chuirfear faisnéis phearsanta ar bith a thugann tú do CCEA ar aghaidh chuig suíomh ar bith eile. Ach tá naisc ar shuíomh gréasáin Ríomhfhoclóir Matamaitice CCEA a thugann rogha duit dul chuig suíomhanna eile agus caithfidh tú cuimhneamh nach mbaineann an Polasaí Príobháideachais seo ach le suíomh gréasáin Ríomhfhoclóir Matamaitice CCEA. Ba chóir duit ráiteas príobháideachais suíomhanna eile a léamh chomh maith.

Mar a chaitheann CCEA leis an fhaisnéis a bhailíonn sé

Is féidir go mbainfidh CCEA úsáid as do chuid faisnéise pearsanta:

  • le heolas a iarrann tú orainn faoinár gcuid táirgí nó seirbhísí a sholáthar duit;
  • le heolas a sholáthar duit faoi tháirgí eile a bhféadfadh suim a bheith agat iontu (ach tú cead a thabhairt go gcuirfí a leithéid sin d’eolas breise chugat);
  • le tú a chur ar an eolas faoi athruithe a bhaineann lenár suíomh gréasáin, le seirbhísí nó earraí nó táirgí; agus/nó
  • le hanailís a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil ar shuíomh gréasáin CCEA agus le feabhas a chur orthu

Teagmháil

Gabh i teagmháil linn am ar bith faoi aon cheist a bhaineann leis an Pholasaí Príobháideachais seo.