Fianáin

Cad é an rud é fianán?

I gcás an chuid is mó de na suíomhanna gréasáin a dtabharfaidh tú cuairt orthu beidh fianáin in úsáid leis an tsuíomh a chur ag obair ar an dóigh is fearr duit. Úsáidtear fianáin ar shuíomh gréasáin le cuimhne a choinneáil ort ar feadh do chuairte (fianán seisiúin) agus ar feadh cuairt ar bith ina dhiaidh sin (fianán seasmhach).

Is é is fianán ann faisnéis a íoslódáiltear ar do ríomhaire agus a stóráiltear ar an tiomántán chrua. Ní féidir thú a aithint as an fhaisnéis sin mar is sonraí staitistiúla a bhíonn á stóráil sna fianáin, ní sonraí pearsanta.

Seolann freastalaí gréasáin fianáin chuig brabhsálaí gréasáin, agus stórálann an brabhsálaí iad.

Seo thíos cuid de na dóigheanna ar féidir le fianáin an tseirbhís a fheabhsú duit:

  • cuimhnítear ar aon ainm úsáideora agus pasfhocal a thugann tú agus ní bhíonn ort iad a thabhairt i leith gach leathanach;
  • cinntítear nach gcaithfidh tú an fhaisnéis chéanna a thabhairt roinnt uaireanta le linn tasc amháin;
  • cuirtear sonraí gan ainm ar fáil lena n-anailísiú, e.g. an líon daoine atá ag rochtain seirbhíse; agus
  • de thoradh na hanailíse sin, tá deis ann díriú ar sheirbhísí a bhfuil tóir orthu agus iad a  dhéanamh níos fusa agus níos gasta don úsáideoir.

Cad é atá i bhfianán?

Is téacschomhad simplí a stóráiltear ar do ghléas é fianán. Tá faisnéis anaithnid ann, faisnéis ar nós aitheantóir uathúil agus ainm an tsuímh, agus digití agus uimhreacha.

Cad é mar a úsáideann muid fianáin?

Baineann suíomh gréasáin Ríomhfhoclóir Matamaitice CCEA, agus cuid de na huirlisí agus seirbhísí a nascann sé leo, úsáid as fianáin. Le cuidiú linn a bheith ag riar ar riachtanais ár gcuid úsáideoirí, baineann muid feidhm as Google Analytics le faisnéis a bhailiú ar an dóigh a n-úsáideann daoine an suíomh.

Bíonn Google Analytics ag bailiú faisnéise maidir leis na leathanaigh ar tugadh cuairt orthu, an fad a d’fhan cuairteoir ar an tsuíomh, an dóigh ar tháinig cuairteoir chuig an tsuíomh agus na roghanna agus na cnaipí ar bhrúigh cuairteoir orthu.

Ní thugann muid cead do Google faisnéis ar bith a bhailigh ná a bhaileoidh muid a úsáid ná a roinnt le tríú páirtithe eile.

Fianáin Google Analytics

Ainm an fhianáin Gnáthinneachar Téann as feidhm
_utma Uimhir a ghintear go randamach 2 bhliain
_utmb Uimhir a ghintear go randamach 30 bomaite
_utmc Uimhir a ghintear go randamach Ar dhruidim an bhrabhsálaí duit
_utmz Uimhir a ghintear go randamach agus faisnéis faoin dóigh ar thángthas chuig an tsuíomh (ar tháinig cuairteoir go díreach, mar shampla, nó ar úsáid cuairteoir nasc nó cuardach orgánach nó cuardach íoctha) 6 mhí

Tuilleadh eolais ar fhianáin Google Analytics.

Cad é mar is féidir leat fianáin a bhainistiú?

Is furasta socruithe fianán ar do ríomhaire a athrú más mian leat. Is féidir leat an brabhsálaí gréasáin a athrú sa dóigh go gcuirfear ar an eolas thú nuair a sheolfar fianáin chuig an bhrabhsálaí, nó is féidir leat fianáin a dhiúltú go hiomlán. Is féidir leat, fosta, fianáin a socraíodh cheana féin a scriosadh. Ba cheart eolas ar an dóigh le fianáin a shrianadh nó a chosc a bheith ar fáil faoin táb 'Cabhair' ar an bhrabhsálaí. De rogha air sin, thiocfadh leat cuairt a thabhairt ar www.aboutcookies.org le fáil amach faoin dóigh le tabhairt faoi athruithe ar bhrabhsálaithe éagsúla.

Más guthán póca atá in úsáid agat agus más maith leat eolas a fháil ar an dóigh le fianáin a shrianadh nó a chosc, amharc sa treoirleabhar don ghléas.

Thiocfadh Adobe Flash Player a bheith in úsáid i ríomhchluichí nó in ábhar eile ar shuíomh gréasáin Ríomhfhoclóir Matamaitice CCEA. Is féidir le Flash faisnéis a stóráil i bhfoirm fianán ar an ghléas atá agat. Ach ní féidir na fianáin sin a rialú leis na socruithe ar do bhrabhsálaí gréasáin. Más maith leat fianáin Flash a shrianadh nó a chosc, caithfidh tú é a dhéanamh ar shuíomh gréasáin Adobe.

Tabhair do d'aire, má shrianann tú fianáin, tá seans ann go gcuirfear isteach ar na háiseanna atá ar fáil duit agus ar an dóigh a bhfeidhmíonn an suíomh gréasáin duit.